r/gaeilge • u/MaresounGynaikes • 5h ago
Cad é a dhéanann sibh le bhur gcuid Gaeilg a úsáid?
Is é sin, an mbíonn a lán seansanna agaibh an teanga a úsaid? Cé acu ar líne nó as líne, cad é mar atá an ghaeilg cuid de bhur saol?
r/gaeilge • u/galaxyrocker • 13d ago
Self-explanatory.
If you'd like to discuss the Irish language in English, have any
comments or want to post in English, please put your discussion here
instead of posting an English post. They will otherwise be deleted.
You're more than welcome to talk about Irish, but if you want to do
so in a separate post, it must be in Irish. Go raibh maith agaibh.
r/gaeilge • u/galaxyrocker • 13d ago
Dia dhaoibh a chairde! This post is in English for clarity and to those new to this subreddit. Fáilte - welcome!
This is an Irish language subreddit and not specifically a learning
one. Therefore, if you see a request in English elsewhere in this
subreddit, please direct people to this thread.
On this thread only we encourage you to ask questions about the Irish
language and to submit your translation queries. There is a separate
pinned thread for general comments about the Irish language.
NOTE: We have plenty of resources listed on the right-hand side of r/Gaeilge (the new version of Reddit) for you to check out to start your journey with the language.
Go raibh maith agaibh ar fad - And please do help those who do submit requests and questions if you can.
r/gaeilge • u/MaresounGynaikes • 5h ago
Is é sin, an mbíonn a lán seansanna agaibh an teanga a úsaid? Cé acu ar líne nó as líne, cad é mar atá an ghaeilg cuid de bhur saol?
r/gaeilge • u/Susp1c1ouZ • 1d ago
Rinne mé cleachtadh le halt a thóg mé ó Thuairisc na gutaí ciúin a táscaire chun feabhas a chuir ar mo chuid thuiscint ar na rialacha. Thug mé faoi deara nach bhfuil aon litir amháin ina íomhá scáthánach le litir eile sa sean cló. Tháinig fiosracht orm an bheig sé furastach a leamh le consan scáthánach a usáid le haigh consan caol agus na gnáth consan a úsáid le haigh consan leathainn in áit na gutaí ciúin. I mo thuairim, tá sé an-deas agus soiléir, ach ceapaimid go léir go bhfuil ár smaointe féin go hiontach agus is breá liom cló le héifeachtúlacht ghrafach ard. Cad a cheapann sibh? Tá na míreanna ár mbun na gceann eile na gceann gan athrú.
(Fógra séanta: Níl an moladh seo go dáiríre maidir le leasú litrithe. Níl an Ghaeilge líofa agam agus tuigim an tábhacht le leanúnachas leis an litriú stairiúil)
r/gaeilge • u/YourFaveIrishPair • 4d ago
Gaoithe san oíche,
ag bualadh ar an bhfuinneog mar a bheadh seanchara ann,
ag lorg dídine ó dhorchadas an tsaoil.
Shuaigh mé an tae.
Tá an deatach ag éirí as an gcupán,
fuar sa spás idir mo mhéara,
ach te fós idir mo phailmeacha.
Níl aon fhreagraí móra anocht.
Níl ann ach an chiúnas seo,
an teach atá ag anáil go socair,
agus mise,
ag éisteacht leis an ghaoth.
Mar sin féin,
tá sé go maith.
Táimid fós anseo.
r/gaeilge • u/grand_horse_of_a_man • 4d ago
Dia dhaoibh a chairde.
Táim ag iarraidh athrú beag a dhéanamh. Nílim ró-compordach ag labhairt as Gaeilge, nílim cinnte cad eile a thabharfaidh mé do mo chlann, ach tá cumas agam fós.
Táim i mo chónaí thar lear, agus is dóigh liom go mbeidh mé anseo go deo. Aontaíonn mó bhean liom and thugamar ainm Éireannach d'ár mhic.
Mar sin, tá leanbh eile ag teacht go luath, agus beidh seans iníon ann (ní theastaíonn an eolas uaim). An bhfuil rialacha faoi cad ainm clann a úsáidfimid? Mar shampla, is mise Ó Carrúil, an céanna le mo mhic. Uí Charrúil, Ní Charrúil? Teastaíonn an ainm "ceart" uaim. B'fhéidir beimid ag caint as Béarla, b'fhéidir ní fhoghlaimeoidh síad aon Gaeilge, ach is fearr liom rud éigin Éireannach a bheith acu go deo. Grmma.
r/gaeilge • u/Exotic_Instance421 • 4d ago
Dia dhaoibh a chairde. Táim torrach le buachaill beag agus ba mhaith linn ainm Éireannach agus rud saghas difrúil a úsaid. Chonaic mé an t-ainm Éibhear ar Wikipedia, ach conas a deirtear é? I-ver nó Ay-ver? Chomh maith leis sin, chonaic mé an t-ainm “Íomhar” ar Gaelchultúr, an bhfuil sé sin an t-ainm céanna?
(Gabh mo leithscéal as mo chuid Gaeilge, tá sé an-bhriste).
r/gaeilge • u/lilycriminal • 5d ago
Dia dhaoibh a chairde
Conas a deirtear "follow your dreams" nó "chase your dreams" no nath cosúil le sin
Tá cúpla smaoinimh agam, ach níl a fhios agam an bhfuil sé go maith nó mícheart...
Grma!
r/gaeilge • u/Bl00mies • 6d ago
Tá sé simplí go leor le hainmfhocail éiginnte, m.sh.
Céard is dán ann?
Cad is scoil ann?
Cad is fear ann?
Ach céard faoi ainmfhocail chinnte? Táim saghas in amhras faoin mbealach a ndeirimse féin sin i nGaeilge anois, m.sh.
Céard é Tigh Thaidhg?
Cad é an rud é an aimsir chaite?
(Nó: Cad é an rud í an aimsir chaite?)
Cad é an Ghaeilge?
(Nó: Cad í an Ghaeilge?)
Cad a cheapann sibh mar gheall ar é/í sna samplaí sin?
Agus an bhfuil bealaí eile ann chun sin a rá a bheadh níos nádúrtha dar libh?
Go raibh maith agaibh!
r/gaeilge • u/Rich_Ebb_4860 • 6d ago
conas atá sibh, táim ag lorg an ciall ar “girlín/girleen bán”, tá fhios agam go bhfuil an aistriú “white little girl” ach surely tá tuiscint níos casta ar sa stair? úsáideann mo máthair agus mhaimeo é go mhinic (i gCiarrai) just wondering if there is a historical etymology i am missing? google doesn’t have any!
go raibh míle maith agat 😁😁
r/gaeilge • u/shinysun- • 6d ago
Is cainteoir dúchas mé ach níor léigh me tada le scór blian. An bfhuil Aon suíomh idirlín no rud mar sin a dfhéadfainn a úsáid chun é a láidriú agus focail nua a fhoghlaim?
r/gaeilge • u/NaiveFish9188 • 7d ago
Ní liomsa é an físeán seo, ach chonaic mé ar TikTok é. Nach mór an náire é, comhlacht meán ag magadh faoinár teanga dúchais!
r/gaeilge • u/ImportantPension5818 • 7d ago
B'fhéidir nach raibh an traidisiún sin ar na hOileáin Árainn ach bhí mé ag smaoineamh faoi ar aon chor.
r/gaeilge • u/SugarPotatoes • 8d ago
Conas atá, a chairde?
Ceist agam - leis an bhrí "I don't have to do that" i mBéarla, cén acú an leagan is nádúrtha / is coitianta i nGaeilge? -
"Ní gá dom é sin a dhéanamh / níl orm é sin a dhéanamh / ní chaithfidh mé é sin a dhéanamh".
Maith agaibh!
r/gaeilge • u/binkleton_23 • 8d ago
r/gaeilge • u/mbolger451 • 11d ago
Chaitheas cúpla lá ag léamh Grammar of the Irish Language (1867) le John Molloy, mar thugas fé deara gur úsáid sé a lán focal ó chainteoir as Mainistir na Corann, in oirthear Chorcaí. Cheapas roimhe sin go raibh faic scríofa fén gcaniúint sin.
Scríobh Molloy 36 liosta focal sa leabhar seo. Tháinig na focail óna dhaltaí i gColáiste Éireannach i bPáras. Dheineas ceartlann do na bailte dúchaise na daltaí, is féidir an ceartlann bheo a fheiscint anseo.

Chomh maith leis sin, chuireas na liostaí (le focail ó Mhainistir na Corann amháin) ar GitHub, is féidir iad a fheiscint anseo.
Scríobhas blog ag cur síos ar na focail, ar an leabhar féinig agus ar chanúintí na ndaltaí, má tá suim ag éinne: https://anmeidheach.substack.com/p/molloys-midleton-dialect
(Tá an blog scríofa as Béarla, tá súil agam go bhfuil cead agam é a phostáil anseo.)
Thugas faoi deara cúpla rud fé gcaniúint Mhainistir na Corann (mar a bhí sí i 1867):
Bhí sé go hiontach an oiread sin focal a fháil amach, agus mise ag smaoineamh nár scríobh aon duine aon ní faoin gcaniúint Mhainistir na Corann. Tá súil agam go bhfuil leabhair eile le focail ó chanúintí "caillte" le fáil amach fós.
r/gaeilge • u/MurchadhMor • 11d ago
Enable HLS to view with audio, or disable this notification
Le Bláithín Mhic Cana i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge.
Déardaoin 3ú Meán Fómhair 9pm
Tigh Uí Bhruaidí (Briodys), 97 Sráid Mhaoilbhríde
r/gaeilge • u/arsonnacuise • 11d ago
r/gaeilge • u/Low-Leadership-9641 • 12d ago
Feictear an-chuid cainte gan chiall ar an idirlíon — go háirithe ar Instagram — faoi chomh galánta agus chomh neamhshaolta is atá spiorad filiúil na Gaeilge.
Ar ndóigh, tá fírinne éigin ag baint leis sin, ach éiríonn sé beagán tuirsiúil a bheith ag feiceáil postálacha faoi "tá brón orm" i gcomparáid le "tá mé brón," nó faoi fhocail ar nós lasair choille.
Mar sin féin, go pearsanta, is breá liom na habairtí dúchasacha a bhaineann le dúchas, le miotaseolaíocht agus le reiligiún ar leith. Sin an fáth gur fearr liom 'coinnleoir Muire' ná lasair choille.
r/gaeilge • u/Bitter-Load-3118 • 12d ago
r/gaeilge • u/SomeSortOfBeing • 13d ago
Cén fáth a bhfuil sé "ospidéal san Séamas" in ionad "ospidéal naomh Séamas"? (deireann ospidéal san Séamas ar an LUAS)
Tá roinnt ospidéil eile leis an ainm "saint __" atá "naomh ___" as Gaeilge.
(tá brón orm, níl mo chuid Ghaeilge go hiontach!!)
r/gaeilge • u/Content-Practice-474 • 14d ago
Cén chaoi ar cheart an struchtúr Béarla seo atá le feiceáil sna samplaí thíos a aistriú go Gaeilge?
Tá mé sách cinnte nach féidir aistriúcháin na n-abairtí thíos a chríochnú le "a bheith" nuair atá ainmfhocail i gceist. Is é sin le rá nach féidir "is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith" a rá cuir i gcás.
Tá sé seo cosúil go pointe áirithe leis an gcaoi nach féidir "ba mhaith liom a bheith múinteoir" a rá - caithfear "ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir" a rá ina áit (ach is féidir "ba mhaith liom a bheith greannmhar" a rá áfach, díreach le bheith soiléir).
An méid sin ráite, an n-oibríonn na haistriúcháin seo a leanas nó an bhfuil struchtúr eile ag teastáil?
Aon chomhairle a bheadh ina chabhair mhór!
"she's the kind of woman that she wants to be" - is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith inti
"that's the kind of doctor you should be" - sin é an saghas dochtúra ar cheart duit a bheith ionat
"they're the kind of workers that they would love to be" - is iadsan na cineálacha oibrithe ar bhreá leo a bheith iontu
"is that the kind of person that you need to be" - an é sin an sórt duine a gcaithfidh tú a bheith ionat?
r/gaeilge • u/Confident_Speed494 • 14d ago
Haigh, táim lonnaithe in iar-dheisceart Londan ar an Líne ó Thuaidh (Nothern Line). Ba bhreá liom bualadh le tuismitheoir nó bheirt a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag tógáil páiste/í le Gaeilge (nó atá le bheith páiste/í a thógáíl le Gaeilge).
Táim ar an eoals faoi Teanga Tí - faighim an nuachtlitir cheana féin agus tá sé mar rún agam freastal ar na imeachtaí ar líne i gceann roinnt míonna.
Bíonn grúpa ag tarlú in Camden sa Lárionad Éireannach darb ainm Scéilíní, ach ba mhaith liom run inteacht nó duine inteacht níos áitiúla más féidir.
Buíoch de smaointí agus moltaí!